Chuaigh sé féin ar fhostach ar dtús sular thosaigh sé ag iascaireacht. D’imigh sé amach an Lagáin nuair a bhí sé 17 bliana d’aois. Chuaigh sé go Leitir Ceanainn chuig an Raibeal ar dtús agus as sin go Srath an Urláir, ag obair ag feirmeoir Protastúnach a bhí sé agus ní ligfeadh sé do obair ar bith a dhéanamh Dé Domhnaigh. Théadh sé go Bealach Féich gach oíche Shatharn, é féin agus fear as Gaoth Dobhair. Bhí uaireanta fada oibre aige. Cuntas ar an obair a bhí le déanamh leis an eallach, na beithígh agus an obair feirmeoreachta a bhí le déanamh. Bhí siad maith do ansin. Bhí sé ansin 6 mhí agus fuair sé pá de £25. | 00:03:17 | |